Céilí Seachtain na Gaeilge sa chlós ar an gCéadaoin 15ú Márta. Bhí maidin iontach ann agus an ghrian amuigh ! Bhí fonn damhsa orainn uilig. Rinne achan rang jab iontach. Maith sibh !!
Monday, 20 March 2017
Sunday, 12 March 2017
Tóraíocht Taisce
Rinneamar tóraíocht taisce ar an Aoine 10ú Márta. Bhí beirt i ngach grúpa. Bhí orainn rudaí a bhailiú le cur sna málaí - duilleog, rud éígin crua irl. Bhí orainn leideanna a oibriú amach. Bhí orainn clár uimhir ar charr Múinteoir Deirble a chlárú ! Bhí tráthnóna iontach againn !! Is maith linn ag déanamh gníomhaíochtaí taobh amuigh !!
Tar agus Taispeáin
Tar agus Taispeáin i Rang a 2 le linn Seachtain na Gaeilge ! Thógamar isteach rud éigin ó bhaile gur thaitin linn nó go raibh speisialta ! Tháinig rudaí galanta isteach - teidí, uirlisí ceoil, leabhair agus éadach. Bhí dúil mhór againn ag éisteacht le chéile agus ag amharc ar cibé rud a thug ár gcairde isteach !! Maith sibh Rang 2 !!
Subscribe to:
Posts (Atom)